Eolas do Thuistí
Information for Parents

Amanna Speisialta / Important Times
Tosaíonn muid ar 9.00i.n. gach maidin. Tá sé riachtanach go mbíonn do pháiste ar scoil in am gach
maidin. Críochnóidh na ranganna ag na hamanna seo a leanas i mbliana:
Rang 1 - Rang 2: 2.15 i.n. gach lá
Rang 3 - Rang 7: 2.50i.n gach lá
School begins promptly at 9.00am. every morning. It is essential that your child comes to school on time each day.
School finishes at the following times:
Rang 1 - Rang 2: 2.15pm every day
Rang 3 - Rang 7: 2.50pm every day

Sláinte / Health
Níl cead ag páistí sliosanna, milseáin deochanna le gás, milseáin, barraí bricfeasta nó seacláid a ithe ar
scoil. Má ghlacann do pháiste lón ar scoil tá cead acu ceapairí sláintiúla, torthaí, iógart, uisce nó bainne
a ithe. Beidh sos de dhíth ar do pháiste gach lá - píosa torthaí, uisce nó bainne. Cosnóidh dinnéar na
scoile £2.10 gach lá.
Children are not allowed to bring crisps, sweets, fizzy drinks, breakfast bars or chocolate to school. If your
child brings a packed lunch they are allowed a healthy sandwich, fruit, yogurt, milk or water. Your child will need
a break time snack every day - a piece of fruit and water or milk. School dinners cost £2.10 per child.

Club Bricfeasta / Breakfast Club
Bíonn Club Bricfeasta i Rang 1 agus i Rang 2 gach lá. Cosnóidh sé £1 in aghaidh na seachtaine.
Rang 1 and Rang 2 have a Breakfast Club every day. It costs £1 per week.

Uisce go Deo / Water for Life
Bíonn buidéal uisce ag na páistí sna ranganna gach lá. Cuirfear na buidéil chun an bhaile le ní gach Aoine.
Tá sé tábhachtach go nítear iad le huisce te agus go gcuirfear iad ar ais chun scoile gach Luan. Má
chailltear iad beidh ar na tuistí buidéal úr a chur ar fáil dá bpáiste.
Every child will have a bottle of water in their class. These bottles will be sent home every Friday to be washed.
It is important that these bottles are washed with warm water and are sent back to the school every Monday. If
your child looses his/her bottle or if the bottle is not returned, parents will be asked to provide a replacement
bottle.

Scuabadh na bhFiacla / Teeth Brushing
Scuabann na páisti a gcuid bhfiacla gach lá ar scoil.
All children brush their teeth every day at school.

Corp Oideachas / Physical Education
Bíonn Corp Oideachais ag na páistí gach Céadaoin. Tá sé tábhachtach go bíonn na páistí gléasta mar is
ceart - bróga reatha, bríste reatha, t-léine. Tá cead ag na páistí a gcuid bróga reatha agus bríste
reatha dubh gorm a chaitheamh le t-léine na scoile agus geansaí na scoile ar na laethanta seo.
The children will have P.E. every Wednesday. It is very important that all children are dressed appropriately for
P.E. - trainers, track suit bottoms or shorts and a t-shirt. The children are permitted to wear their trainers, navy
track suit bottoms, school t- shirt and jumper on these days.


Tinreamh / Attendance
Tá sé tábhachtach go mbíonn do pháiste ar scoil gach lá. Má chailleann siad laethanta ar scoil, cailleann
siad amach ar chuid mhaith foghlama sna ranganna. Má chailleann do pháiste barraíocht laethanta ar scoil
tá sé de dhualgas orainn dul i dteagmháil le Seirbhísí Sóisialta agus an t-Oifigeach Leasa Oideachais. Má
bhíonn do pháiste mall ag teacht ar scoil go minic tá sé de dhualgas orainn an rud céanna a dhéanamh.
It is very important that your child attends school every day. If your child misses a lot of days or appears to have
a regular pattern of absences we are under obligation to contact Social Services and the Education Welfare
Officer. If your child regularly comes to school late we are also obliged to contact the appropriate service team.

Má bhíonn do pháiste as láthair nó mall, déan cinnte go gcuirfear litir chun na scoile láithreach nuair a
fhilleann siad ar scoil.
Should your child be absent or late for any reason please ensure that you send a written letter to the school
explaining the absence.

Córas Iompair / Behaviour Policy
Tá páistí Ghaelscoil Éadain Mhóir ar dóigh de ghnáth - múinte agus cineálta. Cuirfear an-bhéim ar iompar
maith i measc na bpáistí i gcónaí. Tá córas againn sa scoil a chuirtear i bhfeidhm má bhíonn sé de dhíth.
Bheimis buíoch dá dtiocfadh libh an córas iompair seo a phlé sa bhaile le bhur bpáistí:
Rang 1 - Rang 2: Soilse Tráchta.
Rang 3 - Rang 7: Cartaí buí agus dearga.
All children in Gaelscoil Éadain Mhóir are normally very well behaved, well mannered and kind. We always place a
great emphasis on good behaviour. We do however have a behaviour system which we use when needed. I would
appreciate it if you could take the time to talk to your child about this system:
Rang 1 - Rang 2: Traffic Lights
Rang 3 - Rang 7: Yellow cards and red card.


Riaracháin / Secretarial
Tá sé tábhachtach go mbíonn an t-eolas ceart againn ar scoil - seoladh / uimhreacha teagmhála. Déan
cinnte go gcuireann tú in iúl d'Aisling, rúnaí na scoile, san oifig má thagann athrú ar bith ar bhur gcuid
sonraí.
It is important that the school has the correct information regarding your child at all times; address / contact
number etc. Please ensure that you have given Aisling, the school secretary, the correct information and inform
her of any changes.


Cliceáil thíos chun Tuairisc Cigireachta na Roinne Oideachais ar Ghaelscoil Éadain Mhóir a léamh.
Click below to read the Department of Education's Inspection Report on Gaelscoil Éadain Mhóir.
Laethanta Saoire an tSamhraidh
Summer Holidays
Beidh an scoil druidte do laethanta saoire an tsamhraidh
Dé Céadaoin 30 Meitheamh ag 12.00in

The school will be closed for the summer holidays on
Wednesday 30th June at 12.00pm.